Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille.
Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gur thiomáin an carr tríd an mbacainn ar dhroichead agus gur rolladh sé síos claífort agus isteach ar an M50. Bhí an lána aneas an M50 dúnta ar feadh go leor uaireanta agus bhí malairtí slí i bhfeidhm. Tá an bheirt a bhí sa charr san ospidéal le gortuithe tromchúiseacha. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile.
Tá comhaontú déanta ag Meta, an comhlacht taobh thiar de Facebook agus Instagram, chun suas le $16.68 billiún a íoc chun cásanna dlí sna Stáit Aontaithe a réiteach. Chuir 29 stát i leith gur dhear an comhlacht a chuid ardán chun páistí a dhéanamh andúilmhear, gur chuir sé tomhaltóirí amú maidir lena sábháilteacht agus gur bhailigh sé sonraí pearsanta leanaí go míchuí. Mar chuid den chomhaontú, cuirfidh Meta teorainneacha ar úsáid laethúil leanaí agus cuirfidh sé srian ar úsáid na n-ardán san oíche. Neartófar freisin na bearta chun cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar nach bhfuil oiriúnach dá n-aois. Cé go bhfuil an comhlacht tar éis comhaontú a dhéanamh, shéan sé aon éagóir. Réitíonn an socrú roinnt cásanna príobháideachais a bhaineann le scannal Cambridge Analytica freisin. Tá na cásanna seo mar chuid de rabharta níos leithne dlíthíochta faoi thionchar na meán sóisialta ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí. Tá cásanna eile fós ar siúl i gcoinne Meta agus comhlachtaí móra eile sna meáin shóisialta.
Cuireann Electric Picnic críoch leis an samhradh in Éirinn gach bliain agus, is cuma faoin aimsir, tagann na mílte duine le craic agus spraoi a bhaint as an gceol agus as an gcultúr. D’oscail an fhéile a geataí tráthnóna Déardaoin, agus tá 80,000 duine i láthair sa Sráidbaile, Contae Laoise, faoi láthair. Tá áit faoi leith ag an nGaeilge i gcroílár na féile, le réimse leathan imeachtaí agus ealaíontóirí Gaeilge ar an gclár. Tá timpeall 500 duine ag campáil sa láthair Ghaeltachta, tearmann naofa do na Gaeil. Tá Puball an Phobail laistigh den láthair chomh maith, le seisiúin amhránaíochta agus péinteáil coirp thar an deireadh seachtaine. Le deich mbliana anuas, tá ardán darb ainm An Chollchoill ag cur ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge ar stáitse i lár na coille. I mbliana, tá ceol traidisiúnta, hip heap Gaelach, greann, seó solais agus neart eile le feiceáil. Chuir taifeadadh beo den phodchraoladh How to Gael tús spleodrach leis an bhféile inné le roinnt ceol agus craic ón triúr ban iontach. Beidh an ócáid ilteangach filíocht ó bhéal, REIC le Ciara Ní É sa Phuball Gaeilge inniu, an Satharn. Agus amárach, an Domhnach,craolfar clár speisialta ar TG4 le Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, ag ceiliúradh na féile agus na ndaoine a chuireann ar siúl í.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
sliosbhóthar - slip road
claífort - embankment
andúilmhear - addicted
rabharta níos leithne dlíthíochta - wider wave of litigation
tearmann naofa - sacred sanctuary
collchoill - hazelwood